Skip to main content

Club Leabhar An Post

Join us for the An Post Book Club
Glac páirt sa Chlub Leabhar agus bí linn ar TikTok

Tá rímead orainn a fhógairt go bhfuil Club Leabhar An Post seolta, spás fíorúil ar Tiktok darbh ainm #BookTok. Is féidir le léitheoirí an grá atá acu do leabhair a roinnt le pobal an chlub.  

Táimid ag obair i gcomhar le slua léitheoirí agus scríbhneoirí chun siamsaíocht a chur ar fáil díobh an samhradh seo - gach mí roghnaímid leabhar téisiúil nua (Dirty Laundry, aon duine?) le húdar Éireannach (casacht, Naoise Dolan 🤫) agus déanann lucht ár gClub Leabhar grinnscrúdú orthu. Idir léirmheasanna leanúnacha, agallaimh eisiacha agus imeachtaí beo, tá go leor cleasa ar na díslí againn chun tú a choinneáil ag léamh.
 
Is mór ag An Post i gcónaí daoine a nascadh agus, mar sin, is é fíorchiallmhar é pobal na leabhar a nascadh agus litríocht iontach na hÉireann a cheiliúradh ar ardán a spreagann comhrá agus cruthaitheacht.


Siopaí Leabhar

10%25 Off using Promo Code ANPOSTBOOKCLUB
Is féidir an cód lascaine seo 'ANPOSTBOOKCLUB' a fhuascailt ar líne chun lascaine 10% a fháil ar rogha mhíosúil an chlub leabhar ar shuíomhanna gréasáin siopaí leabhar rannpháirteacha..

Buail le #LuchtanChlubLeabhar

Louise Cooney 

Louise Cooney - @louisecooney_ Is tionchaire, podchraoltóir, úinéir gnó agus léitheoir díograiseach í Louise Cooney. Spreagadh a grá do leabhair an athuair le linn na dianghlasála agus chuir sí tús le club leabhar fíorúil a d’fhás agus a d’fhorbair ina podchraoladh Open Book. Is é an rud álainn faoi leabhair ná an tionchar speisialta sin a bhíonn acu ar do shaol, ag brath ar an gcéim don saol ina léann tú iad. Baineann an podchraoladh le hiniúchadh a dhéanamh ar na comhráite seo lenár n-aíonna agus lenár n-éisteoirí.
Joseph Murray

Joseph Murray - @j.f.murray
Is as baile beag i gCo. na Mí don scríbhneoir Éireannach Joseph Murray. Bhain sé céim amach ó Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, agus bhog sé go Los Angeles grianmhar le dul i mbun oibre sa mhargaíocht dhigiteach. Nuair a bhuail paindéim 2020, thapaigh Joseph an deis a thug an dianghlasáil dó tabhairt faoin rud a bhfuil a chroí go mór ann agus thosaigh sé lena chéad úrscéal Fling a scríobh.



Kevin Kelly

Kevin Kelly - @kevinkelly_
Thosaigh Kevin Kelly ag léamh nuair a bhí sé sa bhunscoil agus bhronn a mhúinteoir leabhar de chuid O'Briens Pandas air dar teideal The Little Black Sheep agus tá sé ag léamh ó shin. Ní fheicfidh tú anois é gan leabhar ina láimh aige, ó Rómánsaíocht LADTI+ go fantaisíocht go Sally Rooney, is breá leis ar fad é, mar sin tá ríméad air a bheith páirteach i gClub Leabhar An Post.


Bronwyn O'Neill

Bronwyn O'Neill - @bronsbooks
Is cruthaitheoir ábhair as baile beag i gCo. Mhuineacháin í Bronwyn O'Neill. Is dócha go bhfeicfidh tú Bronwyn suite ar a sáimhín só áit éigin le leabhar fantaisíochta agus cupán tae ina láimh aici. Is iad úrscéalta fantaisíochta is ansa léi ach níl aon rud níos fearr ná úrscéal le Sally Rooney a léamh cois trá ghaofar. Nuair nach mbíonn sí ag léamh, is gnách go mbíonn sí ag déanamh físeáin faoi leabhair nó ag éisteacht le Taylor Swift. Is duine í a bhfuil dúil mhór aici sa chultúr coiteann agus is breá léi gach rud a bhaineann le daoine cáiliúla - is caitheamh aimsire é cinnte.



Colin McCracken
Colin McCracken - @colinjmccracken
Is scríbhneoir agus léitheoir díograiseach atá lonnaithe in Iarthar na hÉireann é Colin McCracken. Scríobh sé d’irisí agus do shuíomhanna gréasáin ar feadh blianta fada, chomh maith le breis agus deich mbliana a chaitheamh i saol iontach na scannán agus na teilifíse. Chaith sé na blianta beaga anuas ag rith cuideachta chruthaitheach a sholáthraíonn réitigh ábhair, réitigh eagarthóireachta agus réitigh scríbhneoireachta do chliaint ar fud an domhain. Is maith leis leabhair a cheistíonn a dhearcadh ar an saol, a chuireann oideachas agus léargas ar fáil, agus suim ar leith aige sa stíl Ghotach.



Claire Wright
Claire Wright - @clairewright.author
Údar Éireannach is ea Claire Wright a scríobh an tsraith fantaisíochta do dhaoine fásta, Fair Ones. Bhí dúil mhór aici i gcónaí sna leabhair agus d’fhás sí aníos ag léamh Goosebumps agus Fear Street le R.L. Stein, ach is nuair a tháinig sí ar The Chronicles of Faerie le O.R. Melling, a daingníodh a cinneadh a bheith ina scríbhneoir le póg ghéarchluasach


 
You've exceeded the maximum login attempts
Your account has been locked for 30 minutes to prevent fraudulent activity
Your session has timed out
Would you like to log in again to continue?
Marketing Preferences

We have updated our Marketing preferences to give a customised experience of when and how we can contact you.

Let's stay in touch

Get the latest offers and news from the An Post group of companies by:

We have updated our terms of service