Leabhair Pháistí Éireann
Réamhrá
Is í Leabhair Pháistí Éireann an eagraíocht náisiúnta carthanachta agus ealaíne a chosnaíonn agus a chuireann chun cinn an ceart atá ag gach páiste grá don léitheoireacht a fhás agus a fhorbairt. Trí ghníomhaíochtaí agus imeachtaí éagsúla, tá sé mar aidhm ag Leabhair Pháistí Éireann daoine óga a mhealladh le leabhair, tuiscint níos fearr a chothú ar thábhacht na léitheoireachta do dhaoine óga, agus gníomhú mar acmhainn lárnach dóibh siúd a bhfuil suim acu i leabhair do pháistí in Éirinn.Tá sé mar bhunchuspóir ag Leabhair Pháistí Éireann grá don léitheoireacht a spreagadh i bpáistí agus in aos óg na hÉireann. Ár gcuid saineolais a roinnt leis na daoine fásta a threoraíonn iad agus a théann i gcion orthu. Tacú leis an gceart atá ag gach páiste teacht ar leabhair agus imeachtaí litríochta iontacha agus tacú leis na healaíontóirí a chuireann ar ár gcumas an cuspóir sin a chur i gcrích ar fud na hÉireann. Tá fís shoiléir acu – Gach Páiste ina Léitheoir.
Oibríonn Leabhair Pháistí Éireann ar ghníomhaíochtaí agus tionscnaimh éagsúla chun léitheoireacht a dhéanamh inrochtana do dhaoine óga - agus tá eolas faoi chuid acu leagtha amach againn thíos
Clinicí Leabhar
Oibríonn Leabhair Pháistí Éireann le comhpháirtithe éagsúla ar fud na tíre chun Clinicí Leabhar a reáchtáil. Tugann na Clinicí seo cuireadh do leanaí agus dá dteaghlaigh teacht isteach le haghaidh comhairliúcháin neamhfhoirmiúil le duine de na Dochtúirí Leabhar, atá réidh chun an chomhairle is fearr a chur ar léitheoirí óga. Nuair a bhíonn an Dochtúir Leabhar réidh le bualadh le hothar, tosaíonn an comhairliúchán le roinnt ceisteanna faoin gcineál leabhar a thaitníonn leis an léitheoir, chomh maith leis na gníomhaíochtaí, scannáin, cláir theilifíse agus cluichí físeáin is maith leo. Fágann sé seo go bhfuil roinnt eolais ag an Dochtúir Leabhar faoin othar, ionas gur féidir léi oideas leabhair a scríobh - liosta pearsantaithe de mholtaí leabhar. Faigheann gach othar Pas Léitheoireachta ina bhfuil an t-oideas leabhar seo chun é a thabhairt chuig a leabharlann nó a shiopa leabhar áitiúil chun na leabhair mholta a fháil.Bí ag faire amach do Chlinicí Leabhar atá le teacht: News & Events | Childrens Books Ireland
Oidhreacht Chultúrtha & Liteartha na hÉireann
Tá ról tábhachtach ag siopaí leabhar in oidhreacht chultúrtha agus liteartha na hÉireann – stát a bunaíodh ar 'Réabhlóid an Fhile’ mar a deirtear go minic. Sa tír seo, bhí seasamh na litríochta feiceálach i meon an náisiúin i gcónaí. Is léiriú cultúrtha iad siopaí leabhar in Éirinn do mhuintir na hÉireann, don diaspóra agus do chuairteoirí eile chun an oileáin; tá suíomhanna gréasáin ríomhthráchtála acu chomh maith a dhíolann go leor leabhar Éireannach thar lear. Cuireann siopaí leabhar in Éirinn cúrsaí foilsitheoireachta in Éirinn chun cinn agus, is léiriú iad le chéile ar Éirinn nua an 21ú haois. Tá sé ríthábhachtach go bhfeictear siopaí leabhar mar acmhainn chun turasóireacht chultúrtha a fhorbairt agus a thacú.Leabharlann i ngach Scoil
Déanann Díoltóirí Leabhar Éireann soláthar leabharlann scoile a spreagadh. Trí sheirbhís leabharlainne dea- chothabháilte, coimeádta a chur ar fáil i ngach scoil, chinnteofaí go mbeadh rochtain ag gach leanbh in Éirinn, beag beann ar a gcúlra, ar réimse iomlán ábhar léitheoireachta, i bhfoirmeacha digiteacha agus fisiciúla araon, ina gcuid scoileanna. Cuireann díoltóirí leabhar leabhair, ríomhleabhair agus acmhainní digiteacha eile ar fáil do leabharlanna scoile, rud a chinntíonn go bhfuil neart ábhar léitheoireachta ann do pháistí de gach aois chun taitneamh a bhaint astu sa seomra ranga, sa leabharlann agus sa bhaile.Treoirleabhair Léitheoireachta an Bhróid
Ag cur leis an liosta léitheoireachta Rainbow Reads arna chur ar fáil i gcomhar le An Post, foilsíodh an Treoirleabhar Léitheoireachta an Bhróid i mí an Mheithimh 2022 agus tá 100 scéal ionchuimsitheach LGBTQIA+ ann. Cuireann an treoirleabhar seo céad bealach ar fáil chun dlúthpháirtíocht, comhghuaillíocht agus muinín a spreagadh i measc leanaí agus daoine óga – le linn fhéile an Bhróid agus ina dhiaidh sin.Íoslódáil an treoir: Pride Reading Guide 2025 | Childrens Books Ireland
Íoslódáil an bhileog dathúcháin ‘Bród’: Doodle Starter activity sheets | Childrens Books Ireland
Bronnadh Leabhar
Is í fís Leabhair Pháistí Éireann ná Éire ina bhfuil gach páiste ina léitheoir, agus cabhraíonn ár scéimeanna bronnta leabhar chun na leabhair a chur ar fáil don líon is mó léitheoirí óga agus is féidir. Tá méadú suntasach tagtha ar na scéimeanna seo le blianta beaga anuas a bhuí le tacaíocht fhial fhlaithiúil ó chomhpháirtithe agus ó mhaoinitheoirí. Áirítear scoileanna, suíomhanna oideachais agus cúraim sláinte, agus carthanachtaí do pháistí anois ar na réimsí is tábhachtaí do bhronnadh leabhar.Book gifting | Childrens Books Ireland
Free To Be Me
Leagann an treoirleabhar léitheoireachta téamach seo béim ar leabhair a cheiliúrann éagsúlacht, ionadaíocht agus cuimsiú do leanaí agus daoine óga idir 0 agus 18 mbliana d’aois. Cuireann an treoirleabhar léitheoireachta Free to Be Me cothromas agus infheictheacht scéalta éagsúla chun cinn i leabharlanna scoile agus poiblí araon, i siopaí leabhar agus ar sheilfeanna sa bhaile.Is iad seo a leanas aidhm an treoirleabhair seo:
· léitheoirí agus oideoirí a chur ar an eolas faoin raon leabhar den scoth atá ar fáil
· comhráite a spreagadh faoi na saincheisteanna
· luachanna, dearcthaí agus eolas daoine óga a fhorbairt.
Trí na haidhmeanna seo a bhaint amach tá súil againn daoine óga a ullmhú níos fearr chun páirt iomlán a ghlacadh i sochaí níos cothroime agus an tsochaí sin a mhúnlú agus a chothú. Samhlaímid Éire ina mbraitheann gach páiste agus a dteaghlach go bhfuil fáilte rompu, go bhfuil meas orthu agus go ndéantar ceiliúradh orthu. Trí thacaíocht a thabhairt do dhaoine óga, tá súil againn go mbainfear an fhís seo amach.
Free To Be Me | Childrens Books Ireland