Tá An Post údaraithe ag an Aire Airgeadais chun seirbhísí íocaíochta a sholáthar agus tá sé á rialú ag Banc Ceannais na hÉireann i soláthar na seirbhísí sin.
*Tá táillí idirbhirt i bhfeidhm. Tar éis trí mhí, costas €2 / €4 an linbh sa mhí a bheidh i gceist ag brath ar Chuntas Reatha An Post Money a bheith ag an tuismitheoir/caomhnóir
Braitheann an ráta ar do phróifíl airgeadais agus ar do stair chreidmheasa. Tá feidhm ag critéir, téarmaí agus coinníollacha iasachtaithe.
^Bhí an fhaisnéis ceart ar an 14 Bealtaine 2025, foinse CCPC.ie. Beidh ráta caighdeánach inathraitheach 22.9% (APR) i bhfeidhm nuair a thagann deireadh leis an tréimhse tosaigh cheannaigh nó aistrithe comhardaithe.
Feidhmíonn An Post mar idirghabhálaí creidmheasa thar ceann Avantcard DAC. Tá An Post ag trádáil mar An Post Money údaraithe mar idirghabhálaí creidmheasa ag an CCPC. Tá Avantcard DAC ag trádáil mar Avant Money agus tá sé á rialú ag Banc Ceannais na hÉireann.
Cuntas Reatha
Cárta Creidmheasa
Iasachtaí
Airgeadraí Coigríche
Coigilteas Stáit
In Oifig an Phoist
Money Manager An Post
Déan níos mó le do chuid airgid, is cuma cé acu banc a bhfuil tú leis. Coinnigh smacht agat ar do chúrsaí le Money Manager An Post, an uirlis bhuiséadaithe a ligeann duit fanacht ar bharr na mbuiséad agus eolas cruinn a bheith agat cá bhfuil do chuid airgid ag dul.Tuilleadh eolais
Bíodh feidhm níos fearr ag do chuid airgid le Cuntas Reatha An Post Money
- Úsáid Money Manager le taispeáint do do chuid airgid cé atá i gceannas.
- Sábháil le haghaidh spriocanna éagsúla le Savings Jars.
- Cuir uait do shóinseáil spártha agus sábháil go huathoibríoch le Round Up.
- Íoc láithreach le do ghuthán póca nó d’uaireadóir.
An Post Money Mate, cárta dochair agus aip do ghasúir
Foghlaimíonn páistí scileanna airgid agus bíonn na tuismitheoirí i gceannas.Bain triail as anois - saor in aisce**

Cuir smacht ar do chúrsaí airgid le hiasacht phearsanta
Faigh iasacht iontach ar ráta sheasta do cibé rud a bhfuil tú ag súil leis. Faigh €5,000 - €75,000 mar iasacht agus aisíoc é laistigh de bhliain amháin nó 10 mbliana.

Bíodh éifeacht níos fearr ag do chuid airgid le tairiscintí cárta creidmheasa ar ráta úis 0%.
Déan rogha idir an 2 thairiscint is fearr sa mhargadh*: Cárta Clasaiceach – ar ráta úis 0% ar aistrithe iarmhéid ar feadh 12 mhí nó Cárta Flex – ar ráta úis 0% ar cheannacháin ar feadh 9 mí

Áit shábháilte le haghaidh do chuid coigiltis?
Tá an táirge foirfe ag Coigilteas Stáit na hÉireann duit, cibé aois atá tú.
Coigilteas StáitCárta Airgeadra
Rianaigh an méid atá á chaitheamh agat agus tarraing anuas níos mó in aon áit amháin nuair a bhíonn tú ag taisteal le Cárta Airgeadra An Post Money. Bíodh ullmhúchán taistil níos éasca agat le hairgeadra coigríche ó d’oifig phoist áitiúil, ní gá duit réamhordú nó réamhíocaíocht a dhéanamh.
Cláraigh do chárta
Sábháil Airgead - Gabh an Bealach Glas
Déan iarratas ar iasacht ghlas ar ráta iontach seasta d’uasgrádaithe glasa d’fhuinneamh tí nó do charranna leictreacha. Bíodh éifeacht níos mó ag do chuid airgid – cuir feabhas ar d’éifeachtúlacht fuinnimh, sábháil ar bhillí agus tacaigh leis an gcomhshaol.
Seirbhísí airgid i d’Oifig Phoist áitiúil
An gá duit bille a íoc nó airgead a aistriú? Cuirimid raon leathan seirbhísí airgid ar fáil trínár líonra náisiúnta oifigí poist lena n-áirítear lóisteálacha agus aistarraingtí airgid thirim agus malairt airgeadraí eachtracha saor ó choimisiún.

Íoc do bhillí ar bhealach éasca
Íoc do bhillí ar bhealach tapa, áisiúil, saor in aisce trí An Post agus ní gá costas ná táillí a íoc.

Aistrigh airgead le Western Union
An gá duit airgead a aistriú? Cuirimid bealach slán ar fáil chun airgead a sheoladh in Éirinn agus thar lear le Western Union.

Oifig an Phoist mar bhanc
Seirbhís bhaincéireachta ar fáil anois. Cuirimid réimse leathan seirbhísí baincéireachta pearsanta ar fáil thar ceann AIB agus Bhanc na hÉireann ag d’oifig phoist áitiúil.
Táimid anseo le cabhrú leat
Buail isteach i gceann de bhreis is 900 oifig phoist áitiúil atá againn ar fud na tíre nó déan teagmháil linn thíos.
Déan teagmháil linn