Guthanna Nua - an Tallann Scríbhneoireachta Nua Éireannach is Fearr
Tá an tionscnamh is déanaí de chuid Ghradaim Leabhar Éireann An Post, 'Guthanna Nua: na 20 Scríbhneoir Nua Éireannach is Fearr’ ag ceiliúradh raon údar ficsean nua Éireannach atá éagsúil agus spreagúil. Déanann an tionscnamh seo léiriú ar scríbhneoirí Éireannacha atá ag teacht chun cinn agus ag athmhúnlú an tírdhreacha liteartha lena ndearcthaí úra agus lena scéalaíocht mhealltach. Cuireadh le chéile an liosta trí ainmniúcháin ó fhoilsitheoirí, díoltóirí leabhar agus leabharlannaithe ar fud na tíre.Ar an bpainéal moltóireachta, tá:
• Maria Dickenson, Cathaoirleach an phainéil moltóireachta agus ball de bhord Ghradaim Leabhar na
• Angus Laverty, Bainisteoir Gnóthaí Poiblí, An Post
• Breda Brown, Cathaoirleach Ionad Scríbhneoirí na hÉireann
• Dawn Behan, Uachtarán Chumann Díoltóirí Leabhar na hÉireann
• Eileen Morrissey, Uachtarán Chumann Leabharlann na hÉireann
• Madeleine Keane, Eagarthóir Liteartha an Sunday Independent
• Sinéad Mac Aodha, Stiúrthóir Feidhmiúcháin ag Litríocht Éireann
Ní hamháin go bhfuil oidhreacht shaibhir scéalaíochta na hÉireann á caomhnú ag an tallann liteartha nua seo ach tá siad ag briseadh talamh nua chomh maith, rud a fhágann go bhfuil litríocht chomhaimseartha na hÉireann níos dinimiciúla agus níos ábhartha ná riamh ar fud an domhain.
Is iad seo a leanas na 20 údar atá sa bhailiúchán seo, in ord aibítre:
Aingeala Flannery
Is scríbhneoir agus craoltóir í Aingeala. D’fhoilsigh Penguin Sandycove a céad úrscéal, The Amusements, a fuair ardmholadh ó léirmheastóirí in 2022. Is í Aingeala an scríbhneoir cónaitheach in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath faoi láthair chomh maith.
Alan Murrin
Scríbhneoir ficsean Éireannach is ea Alan Murrin atá lonnaithe i mBeirlín. Bronnadh Duais Scríbhneoireachta Bournemouth air in 2021 as a ghearrscéal ‘The Wake’, a cuireadh ar ghearrliosta Ghradam Ghearrscéal na Bliana ag Duaiseanna Leabhar na hÉireann ina dhiaidh sin. Is céimí de chuid an chláir máistreachta san fhicsean próis in Ollscoil East Anglia é agus scríobhann sé don Irish Times, don Fhorlíonadh Liteartha san Irish Times agus don irisleabhar The Spectator chomh maith.
Cathy Sweeney
Is scríbhneoir í Cathy Sweeney atá ina cónaí in Éirinn. Tá gearrscéalta ficsin léi foilsithe sna foilseacháin seo a leanas: Stinging Fly, Dublin Review, Egress, Winter Papers, Banshee agus Tangerine, agus craolta ar BBC Radio 4. Foilsíodh a céad bhailiúchán gearrscéalta, ‘Modern Times’, in 2020.
Catriona Lally
Is í Caitríona Lally buaiteoir Ghradam Rooney do Litríocht na hÉireann (2018) agus ba Chomhaltacht Lannan don Fhicsean í chomh maith (2029). I mí Dheireadh Fómhair 2021, fógraíodh gurbh í an chéad Chomhalta Scríbhneora Rooney ag Mol an tSeomra Fhada i gColáiste na Tríonóide. Cuireadh a céad úrscéal, Eggshells, ar an ngearrliosta do Núíosach na Bliana ag Gradaim Leabhar na hÉireann in 2015. D’fhoilsigh New Island Books, Wunderland, an dara húrscéal léi in 2021.
Claire Coughlan
D’oibrigh Claire Coughlan mar iriseoir in Éirinn ar feadh blianta fada. Bhain sí MFA sa Scríbhneoireacht Chruthaitheach amach ó COBÁC agus tá cónaí uirthi i gCo. Chill Dara lena fear céile agus a hiníon. Is é Where They Lie a céad úrscéal.
Colin Walsh
Bronnadh go leor gradam ar ghearrscéalta Colin Walsh, Gradam Ghearrscéalta Francis MacManus RTÉ agus Gradam Liteartha Hennessy ina measc. Ainmníodh é mar Scríbhneoir Éireannach Nua Hennessy na Bliana in 2019. Is é Kala a chéad úrscéal agus ba leabhar móréilimh é. Is as Gaillimh dó ó dhúchas agus tá cónaí air sa Bheilg anois.
Disha Bose
Rugadh agus tógadh Disha Bose san India, agus chaith sí tréimhsí ina cónaí i gCalcúta, i Londain agus i mBaile Átha Cliath. D’oibrigh sí sa tionscal teicneolaíochta sular thug sí faoi Mháistreacht sa scríbhneoireacht chruthaitheach i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath. Tá cónaí uirthi anois i gCorcaigh, Éire. Is é Dirty Laundry a céad úrscéal.
Ferdia Lennon
Rugadh Ferdia Lennon i mBaile Átha Cliath do mháthair Éireannach agus athair Libiach. Bhain sé BA amach sa Stair agus sna Clasaicí ó Choláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath, chomh maith le MA san Fhicsean Próis ó Ollscoil East Anglia. In 2019 agus 2021, bronnadh Sparánacht Litríochta ó Chomhairle Ealaíon na hÉireann air. Tar éis blianta fada a chaitheamh i bPáras, tá cónaí air i Norwich anois lena bhean chéile agus a mhac.
Fíona Scarlett
Is as Baile Átha Cliath ó dhúchas do Fíona Scarlett ach tá cónaí uirthi i gCo. Chill Dara anois lena fear céile agus a beirt leanaí. Bhain Fíona MLitt sa scríbhneoireacht chruthaitheach amach ó Ollscoil Ghlaschú chomh maith le máistreacht san oideachas luath-óige. Oibríonn sí go lánaimseartha mar mhúinteoir bunscoile agus is é Boys Don’t Cry a céad úrscéal.
Louise Kennedy
Tógadh Louise Kennedy cúpla míle ó Bhéal Feirste. Is údar an úrscéil í a bhí ar fhadliosta Ghradam na mBan, agus an bhailiúcháin ghearrscéalta cháiliúil, ‘The End of the World is a Cul de Sac’. Is í an t-aon bhean amháin a cuireadh ar an ngearrliosta faoi dhó do Ghradam Gearrscéalta Sunday Times Audible (2019 agus 2020). Sula ndeachaigh sí i mbun a gairme scríbhneoireachta, chaith sí beagnach tríocha bliain ag obair mar chócaire. Tá cónaí uirthi i Sligeach anois.
Louise Nealon
Rinne Louise Nealon staidéar ar litríocht an Bhéarla i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, agus ina dhiaidh sin, bhain sí máistreacht amach sa scríbhneoireacht chruthaitheach in Ollscoil na Banríona, Béal Feirste in 2016. Tá cónaí uirthi ar fheirm a teaghlaigh i gContae Chill Dara. Is é Snowflake a céad úrscéal agus ba é an chéad úrscéal ba mhó díol in Éirinn é. Bronnadh gradam Núíosach na Bliana air ag Gradaim Leabhar Éireann An Post in 2021.
Megan Nolan
Rugadh Megan Nolan i bPort Láirge, Éire agus tá sí lonnaithe i Nua-Eabhrac faoi láthair. Bronnadh Gradam Betty Trask ar Megan as a céad úrscéal, Acts of Desperation, leabhar a chuir ar an ngearrliosta í do Ghradam Scríbhneoir Óg na Bliana an Sunday Times agus ar an bhfadliosta do Ghradam Dylan Thomas. Cuireadh a leabhar Ordinary Human Failings ar fhadliosta na n-ainmniúchán do Ghradam na mBan don Fhicsean.
Michael Magee
Is é Michael Magee eagarthóir ficsin The Tangerine agus céimí den chlár PhD sa scríbhneoireacht chruthaitheach in Ollscoil na Banríona, Béal Feirste. Is é Close to Home a chéad úrscéal ar ar bronnadh Gradam Rooney do Litríocht na hÉireann in 2023.
Michelle Gallen
Tógadh Michelle Gallen i dTuaisceart Éireann le linn na dTrioblóidí, cúpla míle ón teorainn. Rinne sí staidéar ar Litríocht an Bhéarla i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath agus ar Fhoilsitheoireacht in Ollscoil Stirling. Bhí a céad úrscéal, Big Girl, Small Town, ar an ngearrliosta do Ghradam Céad Úrscéal Costa. Bronnadh an gradam Comedy Women in Print ar a dara húrscéal, Factory Girls, a fuair ardmholadh ó na léirmheastóirí agus a cuireadh ar ghearrliosta Ghradam RSL Encore é. Tá an dá leabhar seo á n-oiriúnú don teilifís.
Naoise Dolan
Scríbhneoir Éireannach is ea Naoise Dolan a rugadh i mBaile Átha Cliath. Bhí a céad úrscéal, Exciting Times, ar liosta na leabhar sárdhíola an Sunday Times, aistríodh go forleathan é, agus a rinneadh céadrogha a ghlacadh ar don teilifís. Bronnadh Gradam Hawthornden 2021 uirthi agus tá sí ar an ngearrliosta agus ar an bhfadliosta do roinnt duaiseanna eile. Tá cónaí uirthi i mBeirlín anois.
Niamh Campbell
Ainmníodh céad úrscéal Niamh Campbell, This Happy, do Ghradaim Leabhar Éireann An Post, do Ghradam Úrscéal Éireannach na Bliana de chuid Kerry Group, do Ghradam Leabhar John McGahern agus do Ghradam Kate O'Brien. Bhain sí Gradam Gearrscéalta Sunday Times Audible amach chomh maith dá leabhar Love Many. In 2021, bronnadh Gradam Rooney do Litríocht na hÉireann ar Campbell. Cónaíonn agus oibríonn sí i mBaile Átha Cliath.
Nicole Flattery
Is í Nicole Flattery údar an bhailiúcháin scéalta Show Them a Good Time. Is buaiteoir Ghradam Leabhar Éireann An Post í, chomh maith le Duais Kate O’Brien, Gradam Iris Londain do Chéadleabhar Ficsin, agus Gradam Gearrscéalta White Review. Is céimí de chuid an chláir máistreachta sa scríbhneoireacht chruthaitheach i gColáiste na Tríonóide agus tá cónaí uirthi i mBaile Átha Cliath, Éire.
Noel O’Regan
Is as Trá Lí, Co. Chiarraí do Noel O’Regan. Bronnadh Gradam Ealaíontóra an Chéad Ghlúin Eile de chuid Chomhairle na nEalaíon air, agus cuireadh a chéad úrscéal, Though the Bodies Fall (Granta Books, 2023), ar ghearrliosta do Ghradam James Tait Black don Fhicsean, Gradam Leabhar John McGahern agus Núíosach na Bliana ag Gradaim Leabhar Éireann An Post.
Sheila Armstrong
Is scríbhneoir agus eagarthóir as iarthuaisceart na hÉireann í Sheila Armstrong. Cuireadh a céad bhailiúchán gearrscéalta, How to Gut a Fish, ar an ngearrliosta do Ghradam Kate O’Brien agus ar an bhfadliosta do Dhuais Edge Hill. Roghnaíodh Falling Animals, a céad úrscéal, do Chlub Leabhar Between The Covers de chuid BBC2 agus cuireadh ar ghearrliosta Dhuais RSL Ondaatje é.
Úna Mannion
Tá Una Mannion lonnaithe i gContae Shligigh, Éire. Bhí a céad úrscéal, A Crooked Tree, ar liosta na leabhar sárdhíola in Éirinn, cuireadh ar ghearrliosta Ghradaim Leabhar na hÉireann agus ar ghearrliosta Ghradam Scríbhneora Éiritheach Dheilginse é, agus bronnadh Duais Kate O’Brien uirthi chomh maith. Bhí a dara húrscéal, Tell Me What I Am, ar ghearrliosta Ghradaim Encore agus bronnadh an gradam iomráiteach Gold Dagger uirthi ag Gradaim CWA Dagger. I mí Mheán Fómhair 2024, thosaigh Una in Ionad Oscar Wilde agus i Roinn an Bhéarla i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, ag múineadh na scríbhneoireachta cruthaithí.
Is breá liom i gcónaí an nasc idir na scríbhneoirí a bhfuilimid ag tacú leo agus pobal na bhfoilsitheoirí, na ndíoltóirí leabhar agus na léitheoirí atá tar éis fás timpeall ar Ghradaim Leabhar Éireann An Post. Anois táimid ag dul céim eile chun cinn ag rá ‘Féach ar a bhfuil le teacht. Seo chugainn an chéad dream eile scríbhneoirí ag casadh le léitheoirí, leanann an draíocht ar aghaidh.
arsa David McRedmond, Príomhfheidhmeannach An Post, An Post