Taispeántar oidhreacht shaibhir Seandálaíochta ar Stampaí is déanaí An Post
8 Bealtaine 2025
Taispeántar i sraith stampaí is déanaí An Post iarsmaí Éireannacha seandálaíochta a aimsíodh nach dtagtar orthu ach go rí-annamh agus atá á gcoimeád faoi láthair san Ard-Mhúsaem.
Tá liach chré-umha ón 8ú haois ar a bhfuil aghaidh dhuine a aimsíodh i mBaile na Páirce i gContae Chill Mhantáin ar an stampa ráta náisiúnta ‘N’, a íocann as postas ar fud oileán na hÉireann.
Tá bróiste Lochlannach a rinneadh de chóimhiotal copair teilgthe ar a bhfuil órú, airgid agus gloine ó thart ar an 9ú haois ar an stampa ráta idirnáisiúnta ‘W’. Bróiste de phéire é an bróiste ar leith seo a aimsíodh tar éis gur cuireadh iad taobh le bean a cheaptar a bhí ar dhuine de na Lochlannaigh ba luaithe a lonnaigh anseo in áit a bhfuil sráidbhaile Fhionnghlaise i mBaile Átha Cliath suite anois.
Taispeántar ar chlúdach litreach speisialta Cumhdaigh Céad Lae an dá stampa agus íomhá shuntasach de dhiosca de stíl La Tène ón 6ú haois a aimsíodh i gContae na hIarmhí. Dhear Ger Garland é agus tá na hearraí go léir ar fáil ag Oifigí Poist áirithe ar fud na tíre agus ar líne ag anpost.com/shop (le seachadadh saor in aisce).
Labhair Coimeádaí Sheaniarsmaí na hÉireann, Maeve Sikora, a roghnaigh an dá phíosa do na stampaí, faoin ngliondar croí a bhí uirthi nuair a cuireadh beocht sa chomhoibriú seo: “Is éard atá tábhachtach faoin dá dhéantán seo a chur ar stampaí Éireannacha go ligeann siad dúinn na dlúthcheangail shaibhre sin a fhiosrú idir an t-am atá imithe thart agus amach anseo. Léirítear an téama sin sa phéire stampaí nua seo, a chothaíonn ceangail bhríocha mar chuid dár saol laethúil, is cuma cén áit ar domhan a bhfuil tú. Déanann an dá stampa agus na déantáin ceiliúradh ar ár gcóngas agus tá ríméid orainn in Ard-Mhúsaem na hÉireann go bhfuil siad le feiceáil sa tsraith thábhachtach seo”.
Tá sraith stampaí Iarsmaí Seandálaíochta Náisiúnta Aimsithe An Post mar chuid de shraith stampaí Europa 2025. Tá téama coiteann á roghnú ag cuideachtaí poist ar fud na hEorpa ó thráth luath sna 1960idí do shraith bhliantúil stampaí.
Cuireann na seaniarsmaí atá le feiceáil agus na hiarsmaí seandálaíochta a leantar lena n-aimsiú léargas ar fáil dúinn ar an am atá caite mar aon le ceangail leis. Meabhraíonn sin dúinn ár réamhstair shaibhir agus cuireann na hiarsmaí an oiread sin eolais ar fáil dúinn faoi conas a mhair daoine agus faoin tionchar a d’imir siad ar an mbealach a mhairimid inniu. Tá Bróiste Fhionnghlase ar taispeáint i nDánlann Éire na Lochlannach in Ard-Mhúsaem na hÉireann, Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath. Tá cead isteach saor in aisce do gach duine agus bíonn sé ar oscailt ón Máirt go dtí an Satharn idir 10am agus 5pm agus ar an Domhnach agus ar an Luan idir 1pm agus 5pm.