An Post Commerce– Seirbhís Atreoraithe do Ghnólachtaí
An bhfuil tú ag bogadh go dtí oifig nua agus an mian leat a chinntiú go gcuirfear do phost agus do bheartáin ar aghaidh chuig do sheoladh nua? Lenár seirbhís atreoraithe poist, seolfar do phost ar aghaidh chuig pé áit a dteastaíonn uait, ar feadh tréimhse chomh fada le bliain.
Cad a chuireann an tseirbhís atreoraithe poist ar fáil?
- Do phost a atreorú ar feadh tréimhse chomh fada le bliain
- Cuirfear do phost ar aghaidh chuig an seoladh a roghnaíonn tú, bíodh sin sa bhaile nó thar lear
- Is féidir post a atreorú ar feadh tréimhsí chomh fada le mí amháin, trí mhí, sé mhí nó 12 mhí – is é do rogha é
Conas a oibríonn atreoruithe poist?
- Íoslódáil foirm iarratais ar atreorú poist ghnó nó faigh ceann ag d’oifig phoist áitiúil
- Comhlánaigh an fhoirm agus bí cinnte go gcuireann tú gach giorrúchán a bhaineann le hainm do ghnólachta san áireamh
- Cuir an fhoirm ar ais chuig oifig phoist ar bith, leis an íocaíocht chuí, ar a laghad cúig lá roimh an dáta is mian leat a thosóidh an tseirbhís
- Nó is féidir í a sheoladh chuig Aonad Atreoraithe An Post (Redirection Unit), Ard-Oifig an Phoist, Sráid Uí Chonaill Íochtarach, Saorphost, Baile Átha Cliath 1, D01 F5P2
Cad é an costas chun post a atreorú?
Tréimhse Ama | Seoladh in Éirinn nó i dTuaisceart Éireann (táille in aghaidh an ainm chuideachta) | Seoladh thar lear (táille in aghaidh an ainm chuideachta) |
Chomh fada le mí | €90.00 | €120.00 |
Chomh fada le trí mhí | €220.00 | €300.00 |
Chomh fada le sé mhí | €320.00 | €440.00 |
Chomh fada le 12 mhí | €440.00 | €595.00 |
Ceisteanna a chuirtear go minic faoi atreoruithe do ghnólachtaí beaga
Conas a chuirtear an tseirbhís ar ceal?
Más mian leat an tseirbhís a chur ar ceal, ní mór duit é sin a dhéanamh i scríbhinn. Má tá ceist agat, is féidir ríomhphost a sheoladh chugainn ag Redirections.Centre@anpost.ieCá fhad a thógann sé chun an tseirbhís atreoraithe a chur ar bun?
Teastaíonn fógra ar a laghad cúig lá oibre uainn chun an tseirbhís a chur ar bun agus bíonn moill lá oibre amháin ar a laghad i gceist chun post atreoraithe a sheachadadh.Ní mór ainm na cuideachta nó an ghnólachta a chur ar taispeáint in áit bhuan, fheiceálach ag an seoladh nua sular féidir linn do phost a atreorú.
Cé mhéad sínithe a theastaíonn chun atreorú a dhéanamh?
Teastaíonn dhá shíniú ach amháin i gcás trádálaí aonair. I gcás cuideachtaí teoranta, ní mór do rúnaí na cuideachta agus ar a laghad stiúrthóir amháin an fhoirm a shíniú. I gcás comhpháirtíochtaí nó cumann, ní mór do gach comhpháirtí nó comhlach an fhoirm a shíniú.Léigh na Téarmaí agus Coinníollacha