Additional Support

Assisted Decision Making Act 2015

Leis an Acht um Chinnteoireacht Chuidithe, athrófar reachtaíocht atá i bhfeidhm ón 19ú haois. Aithníonn an tAcht seo gur féidir cumas an duine cinntí a dhéanamh a bheith athraitheach uaireanta. Níl feidhm ag an gcur chuige ‘an t-iomlán nó faic’ a thuilleadh, nuair a mheastar gur féidir le duine gach cinneadh a dhéanamh nó nach féidir leo cinneadh ar bith a dhéanamh.
 
Tá tuilleadh eolais ar fáil anseo faoin Acht um Chinnteoireacht Chuidithe, 2015

Baineann trí chineál tacaíochta cinnteoireachta leis an Acht um Chinnteoireacht Chuidithe. Cabhraíonn na tacaíochtaí seo le daoine cinntí a dhéanamh maidir lena leas pearsanta, a gcuid maoine agus saincheisteanna airgeadais.


Cúntóirí Cinnteoireachta


Is féidir le duine cúntóir cinnteoireachta a cheapadh a bhfuil aithne acu orthu agus a bhfuil muinín acu astu. Is é ról an chúntóra cinnteoireachta cabhrú leis an duine cinntí a dhéanamh ar a son féin. Déanann siad é seo trí thacú leo eolas a fháil nó a gcinntí a thuiscint, a dhéanamh nó a chur in iúl. Sa chás seo, bíonn an fhreagracht as cinntí a dhéanamh fós ar an duine féin.


Déantóirí Comhchinnteoireachta


Mar mhalairt air sin, mura bhfuil duine in ann cinneadh a dhéanamh as a stuaim féin beidh siad in ann duine a bhfuil aithne acu orthu agus a bhfuil muinín acu astu a roghnú le bheith ina ndéantóir comhchinnteoireachta acu. Baineann comhaontú comhchinnteoireachta i scríbhinn leis an socrú seo. Is é an ról atá ag déantóir comhchinnteoireachta ná cinntí áirithe a dhéanamh in éineacht leis an duine. Bíonn an fhreagracht as cinntí a dhéanamh comhroinnte idir an duine féin agus an déantóir comhchinnteoireachta.

Ionadaithe Cinnteoireachta


Mura bhfuil duine in ann cinntí áirithe a dhéanamh, ceapfaidh an chúirt ionadaí cinnteoireachta dó/di. Beidh sé seo i scríbhinn in ordú ionadaíochta cinnteoireachta. Is é ról an ionadaí cinnteoireachta cinntí áirithe a dhéanamh thar ceann an duine. Déanfaidh an chúirt liosta de na cinntí go léir is féidir leis an ionadaí cinnteoireachta a dhéanamh.


Tacaíocht do dhaoine atá ag iarraidh pleanáil chun cinn a dhéanamh


Tá dhá chineál socruithe ann do dhaoine atá ag iarraidh pleanáil chun cinn a dhéanamh le haghaidh tréimhse amach anseo nuair a cheapann siad go bhfuil seans ann go gcaillfidís an cumas cinntí a dhéanamh.

Réamhthreoir cúraim sláinte


Úsáidtear í seo sa chás go bhfuil duine ag iarraidh a mianta maidir le cóireáil leighis agus cúram sláinte a leagan amach ar eagla nach mbeidís in ann na cinntí sin a dhéanamh amach anseo.


Cumhacht Mharthanach Aturnae

De rogha air sin, is féidir leis an duine Cumhacht Mharthanach Aturnae a dhéanamh chun duine a bhfuil muinín acu astu a cheapadh mar aturnae dóibh. Gníomhóidh an duine seo ar a son chun cinntí áirithe a dhéanamh, mura bhfuil an duine féin in ann iad a dhéanamh amach anseo.

 
 Tuilleadh Eolais:
Sonraí teagmhála Stiúrthóir na Seirbhísí Tacaíochta Cinnteoireachta:
Ionad Teagmhála na Seirbhísí Tacaíochta Cinnteoireachta: 01 211 9750
 Ríomhphost: queries@decisionsupportservice.ie
 Seoladh:
 Seirbhísí Tacaíochta Cinnteoireachta
 Malartán Waterloo
 Bóthar Waterloo
 Baile Átha Cliath 4
 D04 E5W7
 
Maidir le ceisteanna a bhaineann le postas agus beartán, is féidir teagmháil a dhéanamh linn anseo nó glaoch a chur orainn ar 01-705 7600. 
 
 www.decisionsupportservice.ie