Skip to main content

Comórtas Scríbhneoireachta An Post Téarmaí agus Coinníollacha 2025

Sainmhínithe

Tionscnóir: Real Event Management Ltd, ag trádáil mar “Real Nation”, 94 Sráid Bhagóid Íochtarach, Baile Átha Cliath 2 thar ceann An Post.
Comórtas: Comórtas Scríbhneoireachta An Post a bheidh á reáchtáil i mBunscoileanna agus i Scoileanna Speisialta agus atá dírithe ar dhaltaí i mbunscoileanna nó atá ag freastal ar Scoileanna Speisialta le leibhéal litearthachta suas go rang a sé. Is féidir le tuismitheoirí agus caomhnóirí iarratais a chur isteach freisin thar ceann daltaí.
Duais: na duaiseanna atá liostaithe ag téarma 15 thíos.
Buaiteoir: duine den 11 (aon déag) daltaí atá roghnaithe ag an Tionscnóir. Beidh 11 buaiteoir ann san iomlán.
Iontrálaí: na daltaí a ndéanann tuismitheoir/caomhnóir nó múinteoir iontráil ar a son sa chomórtas.
 
Is cuid de na Téarmaí agus Coinníollacha seo an fhaisnéis go léir ina mínítear conas páirt a ghlacadh sa chomórtas seo. Is coinníoll de chuid na hiontrála é go nglactar leis na téarmaí agus na coinníollacha go léir mar théarmaí agus coinníollacha deiridh agus go n-aontaíonn tuismitheoir/caomhnóir nó múinteoir an iontrálaí a bheith faoi cheangal ag na téarmaí agus coinníollacha seo. 

Téarmaí agus Coinníollacha

1.    Tá aon (1) bhabhta amháin sa Chomórtas mar a leanas: 

Babhta 1 
Cuirfidh tuismitheoir/caomhnóir nó múinteoir iontrálacha faoi bhráid thar ceann na nIontrálaithe ar bhonn aonair. 
Ní chuirfear ach iontráil amháin faoi bhráid in aghaidh gach Iontrálaí. 
Sliocht scríbhneoireachta litreach atá san iontráil. 
Déanfar iontrálacha a rangú mar a leanas:

Naíonáin Shóisearacha agus Naíonáin Shinsearacha 
Rang 1 & 2 
Rang 3 & 4 
Rang 5 & 6 
Déanfaidh an Tionscnóir breith ar na hIontrálacha. 
Roghnófar aon Bhuaiteoir déag (11) mar a leanas:
Naíonáin Shóisearacha agus Naíonáin Shinsearacha, Buaiteoir Náisiúnta Óir Náisiúnta x 1 
Naíonáin Shóisearacha agus Naíonáin Shinsearacha, Buaiteoir Náisiúnta Airgid x 1 
Rang 1 & 2, Buaiteoir Náisiúnta Óir x 1 
Rang 1 & 2, Buaiteoir Náisiúnta Airgid x 1 
Rang 3 & 4, Buaiteoir Náisiúnta Óir x 1 
Rang 3 & 4, Buaiteoir Náisiúnta Airgid x 1 
Rang 5 & 6, Buaiteoir Náisiúnta Óir x 1 
Rang 5 & 6, Buaiteoir Náisiúnta Airgid x 1 
Fiúntas ar Leith, Buaiteoir Náisiúnta Óir x 1 
Fiúntas ar Leith, Buaiteoir Náisiúnta Airgid x 1 
Buaiteoir Iomlán Náisiúnta x 1 

2. Ní mór do gach Iontrálaí a gcuireann tuismitheoirí/caomhnóirí nó múinteoirí iontráil isteach thar a gceann a bheith i mbunscoil nó i scoil speisialta, suas go leibhéal rang 6. Le linn na moltóireachta, cuirfidh an Tionscnóir san áireamh go bhfuil iontrálacha ó Scoileanna Speisialta. 

3. Féadfaidh tuismitheoir/caomhnóir nó múinteoir treoir a thabhairt d’iontrálaithe. Ní mór síniú tuismitheora/ caomhnóra nó múinteora a bheith le gach iontráil le dearbhú gurb í saothar an Iontrálaí féin atá ann. 

4. Féadfar a iarraidh ar Thuismitheoir/Chaomhnóir nó ar mhúinteoir saothar bunaidh an Iontrálaí a dheimhniú. 

5. Aontaíonn tuismitheoir/caomhnóir nó múinteoir na nIontrálathe a bheith faoi cheangal ag téarmaí agus coinníollacha an Chomórtais; má theipeann ar an tuismitheoir/caomhnóir nó ar an múinteoir cloí le haon cheann nó gach ceann de na téarmaí agus coinníollacha seo d’fhéadfaí an iontráil a fhágáil neamhbhailí. 

6. Is leis An Post gach iontráil, agus beidh sé ina úinéir ar chóipcheart agus ní ghlacfaidh sé le dliteanas as caillteanas nó damáiste d’aon saothar a chuirtear isteach. Ní chuirfear aon iontráil ar ais, déan cinnte mar sin cóip den bhunsaothar a choimeád. 

7. Is féidir iontrálacha a dhéanamh i nGaeilge nó i mBéarla. 

8. Úsáidfear an fhaisnéis a thugtar mar chuid de na hiontrálacha d’fhonn Comórtas Scríbhneoireachta An Post a chur i bhfeidhm amháin, lena n-áirítear cumarsáid maidir leis an gclár. Féadfar gach iontráil, mar aon le sonraí an Iontrálaí (céadainm agus scoil) a úsáid i bhfeachtais poiblíochta (ar na meáin shóisialta, ar shuímh ghréasáin agus i bpointí díola nó ar ábhair mhargaíochta) ar chríochnú don Chomórtas. Féadfar grianghraif de na Buaiteoirí lena n-ainmneacha, agus a scoil a úsáid i bhfeachtais phoiblíochta. Nuair a chuirtear iontráil isteach, measfar gur thoiligh tuismitheoirí/caomhnóirí do na feachtais phoiblíochta seo. 

9. Úsáidfidh An Post agus Real Nation an fhaisnéis phearsanta uile a sholáthraítear ar son feidhmiú an Chomórtais amháin. Féadfar faisnéis a roinnt le tríú páirtithe faoi chonradh a dhéanfaidh an cárta poist a dhearadh agus na teastais a phriontáil agus a sheachadadh. Stórálfar faisnéis go slán, coinneofar í ar feadh suas le bliain amháin tar éis an Chomórtais agus déanfar í a dhiúscairt de réir na Rialachán Ginearálta um Chosaint Sonraí. Beidh sé seo ag teacht le Beartas Príobháideachta An Post. 

10. Ní mór gach iontráil a sheoladh chuig: 

Comórtas Scríbhneoireachta
An Post Bosca OP 13287 
Saorphost FDN7461 
Baile Átha Cliath 1


11. Spriocdháta le haghaidh iontrálacha: 28 Márta 2025. 

12. Déan cinnte go mbeidh an fhaisnéis a leanas le gach iontráil: Ainm agus Rang an Iontrálaí, Ainm na Scoile, Uimhir Rolla na Scoile, Ainm Tuismitheora/Caomhnóra nó múinteora, ríomhphost agus foirm iarratais. 

13. Déanfar iontrálacha a mheas ar an mbonn go bhfuil tuiscint shoiléir den phlean ceachta léirithe. Is cinneadh deiridh é cinneadh an Phoiblitheora agus ní dhéanfar aon chomhfhreagras maidir leis na cinntí a dhéantar. 

14. Gheobhaidh gach iontráil teastas digiteach.

15. Bronnfar na Duaiseanna a leanas:

Leithdháileadh randamach


Crannchur Múinteoirí: Saoire Deireadh Seachtaine x2

Roghnófar aon bhuaiteoir déag (11) mar a leanas:

• Dearbhán 1 x €250- scoil
• Dearbhán 1 x €100 - dalta
• Teastas frámáilte

Naíonáin Shóisearacha agus Naíonáin Shinsearacha
Buaiteoir Náisiúnta Óir x 1

• Dearbhán 1 x €250- scoil
• Dearbhán 1 x €100- dalta
• Teastas frámáilte

Naíonáin Shóisearacha agus Naíonáin Shinsearacha
Buaiteoir Náisiúnta Airgid x1

• Dearbhán 1 x €200- scoil
• Dearbhán 1 x €50 - dalta
• Teastas frámáilte

Rang 1 & 2, Buaiteoir Náisiúnta Óir x 1

• Dearbhán 1 x €250- scoil
• Dearbhán 1 x €100 - dalta
• Teastas frámáilte

Rang 1 & 2, Buaiteoir Náisiúnta Airgid x 1

• Dearbhán 1 x €200 - scoil
• Dearbhán 1 x €50 - dalta
• Teastas frámáilte

Rang 3 & 4, Buaiteoir Náisiúnta Óir x 1

• Dearbhán 1 x €250- scoil
• Dearbhán 1 x €100 - dalta
• Teastas frámáilte

Rang 3 & 4, Buaiteoir Náisiúnta Airgid x 1

• Dearbhán 1 x €200 - scoil
• Dearbhán 1 x €50 - dalta
• Teastas frámáilte

Rang 5 & 6, Buaiteoir Náisiúnta Óir x 1

• Dearbhán 1 x €250- scoil
• Dearbhán 1 x €100 - dalta
• Teastas frámáilte

Rang 5 & 6, Buaiteoir Náisiúnta Airgid x 1

• Dearbhán 1 x €200 - scoil
• Dearbhán 1 x €50 - dalta
• Teastas frámáilte

Fiúntas ar Leith, Buaiteoir Náisiúnta Óir x 1

• Dearbhán 1 x €250- scoil
• Dearbhán 1 x €100 - dalta
• Teastas frámáilte

Fiúntas ar Leith, Buaiteoir Náisiúnta Airgid x 1

• Dearbhán 1 x €200 - scoil
• Dearbhán 1 x €50 - dalta
• Teastas frámáilte

Buaiteoir Iomlán Náisiúnta x 1

• Dearbhán 1 x €500 - scoil
• Dearbhán 1 x €250- scoil
• 1 x Corn
• Priontáil iontrála ar chártaí Poist An Post le dáileadh
in Oifigí Poist Náisiúnta

16.    Coimeádann an Tionscnóir an ceart chun sonraíochtaí Duaiseanna a athrú faoi réir infhaighteachta ag deireadh an chomórtais seo. Ní bheidh aon airgead ná duais mhalartach eile i bpáirt nó in iomlán á thairiscint. 
17.    Féadfar a éileamh ar iontrálacha páirt a ghlacadh i bpoiblíocht (grianghraif, agallaimh, athfhriotail srl) agus trí iontráil a dhéanamh sa Chomórtas seo iarrfar ar thuismitheoirí/chaomhnóirí cead a thabhairt i scríbhinn maidir leis seo ar son poiblíochta don Chomórtas seo amháin. 
18.    Déanfaidh an Tionscnóir teagmháil le Tuismitheoirí/Caomhnóirí na n-iontrálaithe buacha d’fhonn an toiliú meán seo a dheimhniú. 
19.    Féadfar grianghraif, físeáin agus athfhriotail ó na hiontrálacha buacha a úsáid sna blianta atá le teacht mar phoiblíocht don Chomórtas agus do chomórtais eile An Post. Trí iontráil a chur faoi bhráid, toilíonn iontrálaithe go n-úsáidfear grianghraif agus/nó físeáin dá saothar iontrála chun críocha poiblíochta, agus le hamhras a sheachaint, ní bheidh aon fhaisnéis phearsanta sna grianghraif, sna físeáin ná sna hathfhriotail. 
20.    Ní féidir leis an Tionscnóir freagracht a ghlacadh as iontrálacha caillte, millte nó moillithe. Ní hionann cruthúnas postála agus cruthúnas fála. Ní chuirfear iontrálacha ar ais chuig na hiontrálaithe. 
21.    Coimeádann an Tionscnóir an ceart an Comórtas a leasú, a tharraing siar nó a fhoirceannadh nó sonraíocht an Chomórtais a athrú gan réamhfhógra mura mbíonn an tsonraíocht sin ar fáil ar chúiseanna nach bhfuil faoina smacht. 
22.    Coimeádann an Tionscnóir an ceart aon iontrálaí a dhícháiliú ar aon chúis ar bith dá lánrogha féin. 
23.    Is cinneadh críochnaitheach cinneadh an Tionscnóra agus ní dhéanfar aon chomhfhreagras maidir le cinntí a dhéantar. 
24.    Tá dlí na hÉireann i bhfeidhm ar na téarmaí agus coinníollacha seo.




 
You've exceeded the maximum login attempts
Your account has been locked for 30 minutes to prevent fraudulent activity
Your session has timed out
Would you like to log in again to continue?
Marketing Preferences

We have updated our Marketing preferences to give a customised experience of when and how we can contact you.

Let's stay in touch

Get the latest offers and news from the An Post group of companies by:

We have updated our terms of service